G 341

Cath Fionntrágha

19th cent. Paper. 31.5 × 20 cms. 64 ff. written on recto only. Scribe: Tomás D. de Norradh (Thomas D. Norris), New York, 1809-94. Bound in half-leather with `Cath Fionntrágha - Tomás de Norradh d'athsgríobh. 1890 - 4' gilt- lettered on spine. Ó Casaide ms 7.

Folio

1 Cath Fionntrágha Annso. Headed `Tá sgeul an chatha so aithsghríobhtha [sic] agus mínighthe ó sheansgríbhinibh ársacha le Tomás De. de Norradh, Eabhrach Nuadh. Tá an cúntas a leanas tógtha ó dhá sheanchúntas leathach. Cean díobh do bhí aithsgríobhtha le hEon Ua Dreada, snoigheadóir cloch, a Lána Blárna a gCorcaigh mhór Mhúmhan don Athair Dómhnall Ua Súilliobháin 'san mbliadhain 1832; agus an ceann eile aithsgríobhtha le Tomas Ua hAonleadh 'san mbliadhain 1831. Bheirim buaidheachas mór do'n tsaoi uasal onóireach áirdléigheanta mórchroidheach .i. Dáibhí Ó Caoimh ó Bhruachlinne air son iasachda na céidláimhsgíbhine, agus do'n tsaoi fonnghrádhach, foghlamtha, fearamhail .i. Cathal Ó Fearrghaill ó Bhastún faoi iasachda na dara láimhsgríbhine. Tá mórán d'fheartfhoclaibh agus de ráidhte mílse a gceachtar de na láimhsgríbhinibh so nách bhfuil 'san gceann eile, agus tá an sgeul so tógtha uatha araon anns an mhódh go mbeidh an iarrachd so níos blasda agus níos taithneamhuídhe d'a léightheóiríbh ionná aon de na príomhsgríbhinibh air a dtráchdaim, agus le súil go mbheidh an deasúghadh agus an dathúghadh beag so soléighthe agus múinteach; agus go dtuilfidh sé deighmheas agus moladh ó sgoláiríbh na sgol; déanaim é do thiodhnacadh do'n bhfír-Éireanach foghlumtha, fearamhuil, tíorghrádhach, fíor-Ghaodhlach, deaghmhúinnte, fírinneah, fáilteach, grádhmhar, cráibheach, beusach .i. M. C. Ó Séadha, óna chara fíorúmhal Tomás D. de Norradh'.

Cath Fionntrághadh Annso. Beg. Rígh uasal onóireach, sochrach, saoirchinéalach ... do ghaibh flaitheas agus fórlámhas air an domhan uile go hiomláin achd Éire amháin, d'ar ba chómhainm Dáire Donn mac Loisginn Lomghlúinigh. Ends (f. 59) do tógbhadh a lia ós a leacht agus fearadh a cluithe caointe. `Agus is é sin eachdara catha Fhionntrágha mar do sgríobhadh é le Tomás D. de Norradh a ngeimhrigh na bliadhna 1890, agus 'nna Chríosdaídhe bocht iarrann sé guídhe agus paidir ó gach léightheoir fíreunta agus cluinteoir craibheach do ghlacfaidh pléisiúr ann: agus go dtugaidh Dia grása na bhFlaitheas d'anamnaibh na ndaoineadh do sgríbh agus do chlois é rómhaine. Agus mar an gcéadna danmanaibh mharbhaibh an domhain mar is ceart dúinn guídhe orrtha do réir Eagluise Dé. Amen. Tomás D. de Norradh.' This is followed (f. 60) by a glossary, headed `Míneacheán', of words which are numbered in text. Ends f. 64, followed by letter from scribe (signed) Thomas D. Norris) dated `40 Water St. N. Y. February 12th 1894' to `Mr. [Patrick] O'Brien' concerning the proposed printing of the above tale in Ireland and America. He sends regards to `Mr. Fleming, to the Revd. Father O Growney to Mr. Hyde and to all our friends'. Two postscripts (f. 64v) to the letter: (1) enquiring `what a set of Irish matrices would cost in Dublin' etc., (2) `If you are to print the inclosed you could include my translation of the oration for the lamented John O Mahony ...'.